Shocraigh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra suas an ceamara gréasáin beo-sruthaithe seo chun monatóireacht a dhéanamh ar phéire iolair mhara a bhí ag pórú i gContae Chorcaí. Bhí an t-iolar mara díothaithe in Éirinn breis is 100 bliain ó shin ach tugadh ar ais iad mar chuid de chlár athbhunaithe: ó 2007 go 2011 tugadh céad sicín iolair ón Iorua agus scaoileadh saor iad i bPáirc Náisiúnta Chill Airne. Tá siad scaipthe ar fud na hÉireann ó shin agus tá suas le dosaen péire ag pórú i gcontaetha Chorcaí, Chiarraí, an Chláir, Thiobraid Árann agus na Gaillimhe.
Is iad Black P (baineann) agus Blue W (fireann) na héin ar an gceamara gréasáin beo seo, agus tugadh an bheirt acu go hÉirinn mar chuid den chlár athbhunaithe. In 2016, thóg péire iolar ag an nead seo an chéad sicín iolair a tugadh chun aibíochta i gCo. Chorcaí le breis agus céad bliain. In 2018, áfach, chuir ceann baineann níos óige P. an ceann baineann bunaidh (Green D) amach. Táthar fós ag fanacht go bhfeicfear an dtabharfaidh an péire nua seo sicín chun aibíochta in 2020.
Faigh tuilleadh eolais faoi stair na n-iolar sa Ghleann Garbh agus a gcuid iarrachtaí pórúcháin
Tá fíricí anseo faoi iolair mhara
Blag faoi iolair de chuid na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
Lean muid ar ár leathanach Facebook le haghaidh nuashonruithe rialta!
Postálacha blag: Ainmnigh an t-iolar! Tá sí tugtha chun aibíochta! Is cailín í! Tá Daidí ar iarraidh Faigheann an sicín óg bás Eaglecam ar RTÉ Six One News
Comhthionscnamh idir an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra agus an Golden Eagle Trust i gcomhar le Norsk Institutt for Naturforskning (NINA) agus Norwegian Ornithological Society is ea an tionscadal athbhunaithe Iolair Mhara. Tá an tionscadal á bhainistiú ag an Dr Allan Mee.
RTÉ Six One News – 28 Aibreán 2020
Gearrthóga Gníomhaíochta:
23 Feabhra 2020: San fhíseán gearr seo is féidir an ceann fireann a fheiceáil ag tabhairt iasc don chean baineann cúpla lá sular rug sí ubh. Sa bpíosa scannáin neamhchoitianta seo feictear ag ‘iarraidh déirce’ í, iompar ógánach de ghnáth ach sa chomhthéacs seo is dócha gur cuid de dheasghnáth ceangail agus cúirtéireachta é.
15 Aibreán, 2020 11:19 r.n: Tugann iompar an chinn bhaininn le fios go bhfuil goir ar tí tarlú: is iondúil go roinneann na héin fhásta dualgais goir ach ar an dáta seo bhí sí an-chosanta faoin nead agus níor lig sí don cheann fireann suí ar an nead, ach amháin nuair a thóg sí sos cúig nóiméad ag am lóin. Taispeánann an ghearrthóg seo í ag ‘cosaint’ an chupáin uibhe ón gceann fireann agus mar sin imíonn sé leis arís.
15 Aibreán 2020 – 6:52pm
An chéad radharc soiléir ar an sicín! Tháinig an sicín amach am éigin ar an 15 Aibreán, ach tógann sé tamall ar an sicín an neart a fháil chun a cheann a ardú ionas go bhfeicfear sa nead é. Sa ghearrthóg seo go luath sa tráthnóna, is féidir cloigeann gruama, clúmhach an tsicín a fheiceáil ag titim na hoíche.
16 Aibreán 2020 – 6:46rn
An chéad bheathú! D’fhan an ceann baineann ag tabhairt aire don sicín ar feadh na hoíche agus go luath tar éis bhreacadh an lae is féidir í a fheiceáil ag beathú an tsicín. De réir mar a chuaigh an lá ar aghaidh, ghlac an ceann fireann agus an ceann baineann sealanna ar gor agus ag beathú an tsicín. Ag 2:30pm is féidir an ceann fireann a fheiceáil ag tabhairt mír mhór dhorcha chreiche chuig an nead, ar tugadh le fios ina dhiaidh sin gur éan mara (crosán nó foracha) a bhí ann.
17 Aibreán 2020 – 6:52am
Bia á seachadadh! Thug Daid iasc go dtí an nead go luath ar maidin, ach nuair a ardaíonn Mama P chun buaileadh leis titeann an t-iasc uaidh agus titeann sé amach as an nead. Níl sí sásta!
19 Aibreán 2020 – 9:27am
Ar an Domhnach 19 Aibreán bhí an-áthas orainn an dara sicín a fheiceáil. Seo daidí go cúramach ag tógáil leath den bhlaosc uibhe as an nead.
22 Aibreán 2020 – 9:31am
Bhí iontas ar Dhaidí leis an bpleidhcíocht a bhí ar fhíogach a thug sé go dtí an nead uair an chloig roimhe sin. . . #freshfish
23 Aibreán 2020 – ar maidin
De réir mar a fhásann agus a éiríonn an dá sicín níos láidre tá sé níos éasca an dá chloigeann a fheiceáil agus a dtuismitheoirí á gcothú. Go dtí seo is iad iasc agus éin mhara na príomh-ainmhithe creiche.
Buíochas le hOifig na nOibreacha Poiblí as cead an ceamara a chur suas ar a dtalamh agus leis an Dr Allan Mee (Bainisteoir Tionscadail an Iolair Mhara) as comhairle agus tacaíocht a thabhairt. Ceamara suiteáilte ag Bandwidth Communications faoi cheadúnas ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra.
Le tuilleadh eolais a fháil faoin iolar mara in Éirinn agus ar stair an chláir athbhunaithe: Iolar Firéan
Chun eolas a fháil ar Oileán an Chuilinn, atá á bhainistiú ag an OPW: Oileán an Chuilinn